Is scoil beag tuaithe í Scoil an Chaisil, atá suite i sráidbhaile an Chaisil i gcroílár Ghleann Cholm Cille, paróiste Gaeltachta ar imeall an Atlantaigh, in Iardheisceart Thír Chonaill.
Tógadh foirgneamh na scoile sa bhliain 1962 agus is iomaí athrú atá feicthe aici thar na blianta. Cuireadh síneadh leis an scoil sna hochtóidí ach coinníodh an chuma thraidisiúnta ar aghaidh na scoile. Tá athruithe ollmhóra déanta taobh istigh mar sin féin, agus tá an scoil feistithe anois do chaighdeán an lae inniu cé go mbíonn uasghrádú agus feabhsú ag dul ar aghaidh i gcónaí.
(Is scoil Ghaeltachta í Scoil an Chaisil agus is í an Ghaeilge príomhtheanga na scoile.)